IRIS08028 2023 Próslitríocht na Gaeilge sa Seachtú hAois Déag agus Filíocht na Nua-Ghaeilge Moiche

General Details

Full Title
Próslitríocht na Gaeilge sa Seachtú hAois Déag agus Filíocht na Nua-Ghaeilge Moiche
Transcript Title
Proslitriocht na Gaeilge
Code
IRIS08028
Attendance
N/A %
Subject Area
IRIS - Irish
Department
SOCS - Social Sciences
Level
08 - NFQ Level 8
Credit
05 - 05 Credits
Duration
Semester
Fee
Start Term
2023 - Full Academic Year 2023-24
End Term
9999:96 - Projections term code
Author(s)
Breda McTaggart, Valerie McTaggart, Mairéad Conneely, Kate Mlynarska
Programme Membership
SG_HBUIR_H08 202300 Bachelor of Arts (Honours) in Business and Irish
Description

Is é cuspóir an mhodúil ná forléargas a thabhairt ar phróslitríocht na Gaeilge san 17ú haois mar aon le filíocht na Nua-Ghaeilge Moiche. Déanfar grinnstaidéar ar shamplaí ionadaíocha de dhánta a thugann léargas ar fhilíocht shiollach na linne (1250 – 1700). Déanfar mionanailís ar na téacsanna ó thaobh na teanga, na meadarachta agus na foirme de. Déanfar plé ar ábhair agus ar théamaí na dtéacsanna i bhfianaise an chomhthéacs inar cumadh iad. Díreofar ar ról agus ar thábhacht na bpatrún a chothaigh saothrú na filíochta go dtí deireadh ré na bairdne. Sa dara chuid den mhodúl, léifear agus iniúchfar téacsanna roghnacha próis a cumadh le linn an 17ú haois. Léifear na téacsanna ar leibhéil éagsúla ionas go ndéanfar forbairt ar scileanna léitheoireachta agus anailíse na mac léinn. Cuirfear le tuiscint na mac léinn ar sheánraí éagsúla litríochta le linn an mhodúil. Beidh deis ag mic léinn dul i ngleic leis an bplé scolártha a rinneadh ar ábhar an mhodúil seo chomh maith.

Learning Outcomes

On completion of this module the learner will/should be able to;

1.

Téacsanna liteartha roghnach ón tréimhse 1250 – 1650 a léamh agus a thuiscint.

2.

Anailís a dhéanamh ar shaintréithe fhilíocht ré na bairdne.

3.

Buntréithe meadarachta, foirme, friotail, agus stíle fhilíocht shiollach na Nua-Ghaeilge Moiche a phlé.

4.

Téacsanna ionadaíocha roghnacha próis a scríobhadh sa 17ú haois a léamh agus forbairt phróslitríocht na tréimhse a phlé.

5.

Dul i ngleic leis an litríocht thánaisteach acadúil a rinneadh ar an ábhar agus í a phlé i gcomhthéacs teoiricí liteartha ábhartha.

Teaching and Learning Strategies

Léachtaí foirmiúla; plé grúpaí agus ceardlanna; anailís théacsúil; cur i láthair aonair don rang; mionléamh téacsanna; staidéar neamhspleách, an mhalairt foghlama agus staidéar faoi threoir.

Delivery may be 4 hours per week over 10 weeks.

Module Assessment Strategies

Beidh an cur chuige measúnaithe don mhodúl seo bunaithe ar mheasúnú tionscadail obair chúrsa.

Repeat Assessments

Déan scrúdú scríofa arís agus/nó déan an eilimint measúnaithe leanúnaigh arís ag brath ar an gcuid ar theip uirthi.

Indicative Syllabus

Topaic 1: Déanfar léamh agus scrúdú ar fhilíocht shiollach na Nua-Ghaeilge Moiche ag díriú ar phríomhthéamaí agus ar thréithiúlacht na véarsaíochta.

Topaic 2: Cíorfar forbairt na filíochta mar aon le ról agus tábhacht na pátrúnachta a chothaigh filíocht na tréimhse.

Topaic 4: Déanfar plé agus grinnanailís ar mheadaracht, reitric agus teanga na filíochta a cumadh le linn tréimhse na Nua-Ghaeilge Moiche.

Topaic 5: Déanfar léamh agus anailís ar shamplaí roghnacha de phróslitríocht an tseachtú haois déag ag díriú ar fhoirm agus ar úsáid na teanga iontu.

Topaic 5: Déanfar mionphlé ar shaothrú na próslitríochta in Éirinn mar aon le hoidhreacht liteartha Lobháin.  

Topaic 6: Déanfar léamh agus tráchtaireacht mhion ar ábhair agus ar théamaí na dtéacsanna roghnacha.

Coursework & Assessment Breakdown

End of Semester / Year Formal Exam
100 %

End of Semester / Year Assessment

Title Type Form Percent Week Learning Outcomes Assessed
1 Scrd Scrofa an mhodil Final Exam Closed Book Exam 100 % End of Semester 1,2,3,4,5
             
             

Full Time Mode Workload


Type Location Description Hours Frequency Avg Workload
Lecture Lecture Theatre Ranganna Teagaisc - Torthaí foghlama 1-5 3.00 Weekly 3.00
Independent Learning Not Specified Staidéar faoi Threoir & Staidéar Neamhspleách 4 Weekly 4.00
Total Full Time Average Weekly Learner Contact Time 3.00 Hours

Module Resources

Non ISBN Literary Resources

Bergin, O. (eag.) (1930) Sgéalaigheacht Chéitinn, Stories from Keating's History of Ireland, 3ú heag. Baile Átha Cliath: Acadamh Ríoga Éireann.

Bergin, O. (eag.) (1931) Trí Bior-Ghaoithe an Bháis. Baile Átha Cliath: Institiúid Árd-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Breathnach, P.A., Breathnach, C. agus Ní Úrdáil, M. (eag.) (2014) Léann Lamhscríbhinní Lobháin. Baile Átha Cliath, Ollscoil na hÉireann.

Caerwyn-Williams, J. agus Ní Mhuiríosa, M. (1978) Traidisiún Liteartha na nGael. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Carney, J. (1985) The Irish Bardic Poet. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Cunningham, B. (2000) The World of Geoffrey Keating: History, Myth and Religion in Seventeenth-Century Ireland. Baile Átha Cliath: Four Courts Press.

Fisher, S.K. agus Ó Conchubhair, B. (eag.) (2022) Bone and Marrow/ Cnámh agus Smior. Winston-Salem: Wake Forest University Press.

Knott, E. (1957) An Introduction to Irish syllabic poetry of the period 1200 – 1600. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Knott, E. (eag.) (1922) A bhfuil aguinn dár chum Tadhg Dall Ó hUiginn: The Bardic Poems of Tadhg Dall Ó hUiginn (1550-1591), Iml. I. London: Irish Text Society.

Knott, E. (eag.) A bhfuil aguinn dár chum Tadhg Dall Ó hUiginn: The Bardic Poems of Tadhg Dall Ó hUiginn (1550-1591), Iml. II. London: Irish Text Society.

Ó Maonaigh OFM, C. (eag.) (1952) Scáthán Shacramuinte na hAithridhe, Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

O’Rahilly, C. (1977) Five Seventeenth-Century Political Poems. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

O’Rahilly, T.F. (eag.) (1955) Desiderius. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Williams, N. (eag.) Pairlement Chloinne Tomáis. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Updated Literary Resources
Journal Resources

Breatnach (Pádraig A.): The chief’s poet.n PRIA-C 83 (1983), pp. 37–79.

Kane, B. (2009) 'Domesticating the Counter-Reformation: Bridging the Bardic and Catholic Traditions in Geoffrey Keating's "The Three Shafts of Death"', The Sixteenth Century Journal, 40(4), 1029-1044.

Other Resources
Additional Information