IRIS08027 2023 Ceartúsáid na Gaeilge

General Details

Full Title
Ceartúsáid na Gaeilge
Transcript Title
Ceartúsáid na Gaeilge
Code
IRIS08027
Attendance
N/A %
Subject Area
IRIS - Irish
Department
SOCS - Social Sciences
Level
08 - NFQ Level 8
Credit
05 - 05 Credits
Duration
Semester
Fee
Start Term
2023 - Full Academic Year 2023-24
End Term
9999:96 - Projections term code
Author(s)
Breda McTaggart, Valerie McTaggart, Mairéad Conneely, Kate Mlynarska
Programme Membership
SG_HBUIR_H08 202300 Bachelor of Arts (Honours) in Business and Irish
Description

Is í sprioc an mhodúil seo ná eolas agus tuiscint na mac léinn ar an nGaeilge a fhorbairt ionas gur féidir leo an teanga a úsáid go saoráideach agus go cruinn i réimsí agus comhthéacsanna sóisialta agus gairmiúla. Díreofar ar scileanna teanga na mac léinn (éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh) a chleachtadh agus a fhorbairt tuilleadh trí thascanna ranga, obair neamhspleách agus tascanna grúpa a dhéanamh.  Leathnóidh na mic léinn a stór focal agus cuirfear lena líofacht agus lena gcruinneas gramadaí, litrithe agus foghraíochta ionas gur féidir leo feidhmiú go héifeachtach. Beidh béim ar leith ar cheartúsáid na teanga; scileanna teanga, scileana aistirúcháin (idir Ghaeilge fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil). Táthar ag súil leis go mbeidh inniúlacht an mhic léinn ag teacht le hinniúlacht B2.2 – C1 de réir An Fráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001) agus an modúl curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn.

Learning Outcomes

On completion of this module the learner will/should be able to;

1.

Na príomhphointí a thuiscint i gcomhthéacs an tsaoil ghairmiúil mar aon le cruinnithe roinne/rannóige nó imeachtaí poiblí agus réimse na Gaeilge gairmiúla in úsáid ar ghnáthluas.

2.

Páirt ghníomhach a ghlacadh i gcomhráite ar ábhair a bhfuil taithí acu orthu nó a bhaineann leis an saol gairmiúil gan aon réamhullmhúchán.

3.

Feasacht a léiriú  ar ghnéithe bunaidh de struchtúr na teanga agus ar ghramadach na Gaeilge chun cur síos a dhéanamh ar eispéiris agus ar eachtraí, ar a gcuid taithí oibre, ar a ndualgais ghairmiúla agus ar a n-uaillmhianta proifisiúnta.

4.

Téacsanna (scríofa agus ilmheánacha – tuairiscí cruinnithe agus caipéisí oifigiúla) ina bhfuil foclóireacht ardmhinicíochta nó focail atá bainteach le saol gairmiúil an mhic léinn a thuiscint agus a sholáthar.

5.

Téacsanna agus tuairiscí soiléire a sholáthar go cruinn ar ábhair as a bhfuil siad freagrach, nó a bhaineann lena saol gairmiúil féin.

Teaching and Learning Strategies

Bainfear úsáid as réimse leathan de straitéisí gníomhacha foghlama & teagaisc leis na torthaí foghlama a bhaint amach. Ina measc, beidh meascán de léachtaí traidisiúnta agus ranganna gramadaí struchtúrtha, chomh maith le seisiúin idirghníomhaíocht-bhunaithe ar líne, léitheoireacht faoi threoir agus chórais leictreonacha aisghabhála faisnéise. Beidh seimineáir a dhíreoidh ar scileanna anailíse agus ar théacsanna a phlé, rólimirt, babhtaí tobsmaointe, díospóireachtaí agus cuir i láthair ó bhéal, cluastuiscintí agus cleachtaí ilmheáin agus foghlaim bunaithe ar fhiosrúchán. Trí obair chúrsa rialta a thabhairt chun críche, déanfaidh na mic léinn na scileanna teanga a fhoghlaimeoidh siad sa rang a chomhdhlúthú agus a chleachtadh.

Delivery may be 4 hours per week over 10 weeks.

Module Assessment Strategies

Beidh an cur chuige measúnaithe don mhodúl seo bunaithe ar mheasúnú tionscadail obair chúrsa. 

Repeat Assessments

Déan scrúdú scríofa arís agus/nó déan an eilimint measúnaithe leanúnaigh arís ag brath ar an gcuid ar theip uirthi.  

Tá gach gné den mhodúl seo éigeantach agus is gá 40% a bhaint amach i ngach gné den mhodúl seo sula mbeidh riachtanais an mhodúil comhlíonta ag an mac léinn. Ní féidir pas le cúiteamh a fháil sa mhodúl seo mura bhfuil na gnéithe éigeantacha seo comhlíonta ag an mac léinn. 

Indicative Syllabus

Topaic 1: Déantar feasacht teanga na mac léinn a fhorbairt tuilleadh mar aon le leanúint leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil chun go mbeidh ar chumas na mac léinn an teanga a úsáid i réimse leathan comhthéacsanna. 

Topaic 2: Grinnléitheoireacht a dhéanamh ar théacsanna, téacsanna clóite, téacsanna éisteachta mar aon le téacsanna físe, ionas go mbeidh na mic léinn in ann réimse leathan stór focal a úsáid sa chaint agus sa scríobh go muiníneach. 

Topaic 3: Plé, scagadh agus anailís a dhéanamh ar théacsanna caighdeánacha atá bainteach le hábhar an tsiollabais chumarsáidigh chun cur le feasacht teanga na mac léinn. 

Topaic 4: Pléitear agus cleachtar struchtúir, réimsí cainte agus teanga atá oiriúnach do chomhthéacsanna éagsúla, comhthéacsanna pearsana agus comhthéacsanna gairmiúla san áireamh, agus dírítear go sonrach ar riachtanais chumarsáide na mac léinn.   

Topaic 5: Déantar forbairt ar scileanna litearthachta, scileanna cumarsáide, scileanna uimhearthachta agus cruinneas gramadaí na mac léinn.  

Coursework & Assessment Breakdown

Coursework & Continuous Assessment
100 %

Coursework Assessment

Title Type Form Percent Week Learning Outcomes Assessed
1 Tascanna scrofa, Trialacha gramada Coursework Assessment Assessment 70 % OnGoing 1,2,3,4,5
2 Scrd Cainte Coursework Assessment Oral Exam/Presentation 30 % Week 13 1,2,3
             

Full Time Mode Workload


Type Location Description Hours Frequency Avg Workload
Lecture Lecture Theatre Ranganna Teagaisc - Torthaí foghlama 1-5 3 Weekly 3.00
Independent Learning Not Specified Staidéar Neamhspleách & Staidéar faoi Threoir 4 Weekly 4.00
Total Full Time Average Weekly Learner Contact Time 3.00 Hours

Module Resources

Non ISBN Literary Resources

de Bhaldraithe, T. (1959) English-Irish Dictionary. BÁC: Oifig an tSoláthair.  

Mac Congáil, N. (2002) Leabhar Gramadaí Gaeilge. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.  

Mac Lochlainn, A. (2015) Cruinneas, Baile Átha Cliath: Cois Life.  

Ó Baoill, D.P. & Ó Tuathail, É. (1992) Úrchúrsa Gaeilge. BÁC: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.  

Ó Dónaill, E. (2013) Gramadach gan Stró. BÁC: Gaelchultúr Teoranta.  

Ó Dónaill, E., & Hegarty, H. (2012) QuickGuide Irish grammar: the indispensable guide to Irish language grammar for learners at all levels. BÁC: Gaelchultúr.  

Ó Dónaill, N. (1977) Foclóir Gaeilge-Béarla. BÁC: Oifig an tSoláthair.  

Ó Mianáin, P. (2020) The Concise English-Irish Dictionary. BÁC: An Gúm.   

Ó Murchaidh, C. (2004) Cruinnscríobh na Gaeilge. BÁC: Cois Life.

Updated Literary Resources
Journal Resources
Other Resources
Additional Information