IRIS08021 2022 Mionstaidéar ar Shaothair Liteartha Roghnaithe
Sa mhodúl seo, cuirfear deis ar fáil do mhic léinn mionléamh agus mionphlé a dhéanamh ar shaothair scríbhneora atá ag saothrú nó a shaothraigh i litríocht na Gaeilge. Déanfar mionstaidéar ar údar, ar fhile nó ar dhramadóir ó liosta sainithe, agus iarrfar ar mhac léinn taighde aonair a dhéanamh ar a rogha saothar ón liosta sin. Beidh scileanna critice cuí forbartha ag mic léinn chun dul i ngleic le, agus le hanailís a dhéanamh ar an saothar sin.
Learning Outcomes
On completion of this module the learner will/should be able to;
scileanna ardleibhéil tuisceana agus machnaimh a léiriú ar théamaí agus ar chomhthéacsanna na saothar roghnaithe.
léitheoireacht thánaisteach a aimsiú atá feiliúnach don réimse taighde atá roghnaithe acu.
cumas maidir le measúnú criticiúil ar réimse téacs agus é a chur i láthair, a chothú agus a thacú.
inniúlacht i réim chriticiúil teanga a fhorbairt agus a léiriú.
scileanna litearthachta a fhorbairt agus a gcuid riachtanas pearsanta mar fhoghlaimeoirí a aithint.
Teaching and Learning Strategies
- Léachtaí foirmiúla;
- plé grúpaí;
- anailís téacsúil;
- mionléamh téacsanna.
Module Assessment Strategies
Obair Chúrsa/ Aiste Thaighde
Repeat Assessments
Scrúdú scríofa a dhéanamh arís agus/nó an eilimint measúnaithe leanúnaigh a athdhéanamh ag brath ar an ngné nár éirigh leat.
Indicative Syllabus
Sa mhodúl seo, roghnófar file, údar agus drámadóir i litríocht na Gaeilge ó liosta sainithe agus déanfar plé agus scagadh ar théamaí agus ar chomhthéacsanna na saothar sin sna léachtaí agus sna seimineáir. Iarrfar ar an mac léinn duine amháin dóibh seo a roghnú agus aiste thaighde a scríobh ar a saothar. Cuirfear ar chumas an mhic léinn bealaí éagsúla léitheoireachta a fhorbairt trí léamh chriticiúil a dhéanamh ar théacsanna roghnaithe.
Coursework & Assessment Breakdown
Coursework Assessment
Title | Type | Form | Percent | Week | Learning Outcomes Assessed | |
---|---|---|---|---|---|---|
1 | Aiste Thaighde | Coursework Assessment | Essay | 100 % | End of Semester | 1,2,3,4,5 |
Full Time Mode Workload
Type | Location | Description | Hours | Frequency | Avg Workload |
---|---|---|---|---|---|
Lecture | Lecture Theatre | Léachtaí | 3 | Weekly | 3.00 |
Independent Learning | Not Specified | Staidéar Neamhspleách | 4 | Weekly | 4.00 |
Module Resources
Leanfaidh leabharliostaí sainiúla ó rogha an léachtóra.