IRIS08010 2022 An t-Úrscéal sa Ghaeilge

General Details

Full Title
An t-Úrscéal sa Ghaeilge
Transcript Title
An t-Úrscéal sa Ghaeilge
Code
IRIS08010
Attendance
N/A %
Subject Area
IRIS - Irish
Department
EDUC - Education
Level
08 - NFQ Level 8
Credit
05 - 05 Credits
Duration
Semester
Fee
Start Term
2022 - Full Academic Year 2022-23
End Term
9999 - The End of Time
Author(s)
Aodhmar Cadogan, Ann Sheridan, Kate Mlynarska, Declan Courell
Programme Membership
SG_HBUIR_H08 202300 Bachelor of Arts (Honours) in Business and Irish
Description

Díreofar sa chéad chuid den mhodúl seo ar fhorbairt an úrscéil sa Ghaeilge ó thús na hAthbheochana. Sa dara cuid, breathnófar ar úrscéalta comhaimseartha sa Ghaeilge agus déanfar léamh agus anailís ar thrí úrscéal. Faoi dheireadh an mhodúil seo, beidh scileanna critice cuí, an chritic fheimineach go háirithe, forbartha ag an mac léinn le hanailís a dhéanamh ar théacsanna agus ar chomhthéacs stairiúil agus sóisialta na dtéacsanna sin.  

Learning Outcomes

On completion of this module the learner will/should be able to;

1.

Tuiscint a léiriú ar fhorbairt litríocht na Gaeilge ó thús na hAthbheochana agus cuntas cuimsitheach a thabhairt ar fhorbairt an úrscéil sa Ghaeilge.

2.

Léamh agus anailís a dhéanamh ar thrí úrscéal chomhaimseartha sa Ghaeilge.

3.

Léitheoireacht thánaisteach a roghnú a thacaíonn leis an bpróiséas anailíse thuasluaite.

4.

Anailís a dhéanamh ar phlota/charachtar/théamaí na n-úrscéalta ó pheirspictíocht na critice feiminí.

5.

Scileanna litearthachta a fhorbairt agus a gcuid riachtanas pearsanta mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha a aithint, chomh maith le hinniúlacht i réim chriticiúil teanga a fhorbairt agus a léiriú.

Teaching and Learning Strategies

Bainfear úsáid as réimse leathan de straitéisí gníomhacha foghlama & teagaisc leis na torthaí foghlama a bhaint amach. Ina measc, beidh meascán de léachtaí foirmiúla; plé grúpaí; ceardlanna agus obair ghrúpa; anailís théacsúil; cur i láthair aonair don rang; mionléamh téacsanna; staidéar neamhspleách, an mhalairt foghlama agus staidéar faoi threoir. 

Module Assessment Strategies

Beidh an cur chuige measúnaithe don mhodúl seo bunaithe ar mheasúnú tionscadail obair chúrsa. 

Repeat Assessments

Déan scrúdú scríofa arís agus/nó déan an eilimint measúnaithe leanúnaigh arís ag brath ar an gcuid ar theip uirthi. 

Indicative Syllabus

Topaic 1: Tabharfar forléargas ar na gnéithe a chuir le forbairt na litríochta sa Ghaeilge, go háirithe na gnéithe sin a bhain le forbairt an úrscéil mar sheánra.

Topaic 2: Déanfar mionphlé agus mionléamh ar úrscéalta roghnaithe a chuimsíonn téamaí, comhthéacs sóisialta agus stairiúil, canúint agus mórcheisteanna cultúrtha a dtugann an t-údar suntas dóibh.

Topaic 3: Pléifear trí úrscéal chomhaimseartha sa Ghaeilge agus féachfar le hanailís a dhéanamh ar théamaí, ar phearsana, ar fheidhm an úrscéil Ghaeilge mar sheánra litríochta.

Topaic 4: Cuirfear An tÚrscéal Stairiúil i láthair agus pléifear cultúr agus cúlra an úrscéil agus an éifeacht a imríonn na tosca sin ar leagan amach agus dul chun cinn an phlota.

Topaic 5: Breathnófar ar an léiriú a dhéantar ar an saol comhaimseartha in úrscéalta roghnaithe.

Topaic 6: Déanfar scagadh ar chur i bhfeidhm na critice feiminí in úrscéalta roghnaithe.

Coursework & Assessment Breakdown

Coursework & Continuous Assessment
100 %

Coursework Assessment

Title Type Form Percent Week Learning Outcomes Assessed
1 Aiste Thaighde Coursework Assessment Essay 100 % End of Semester 1,2,3,4,5
             
             

Full Time Mode Workload


Type Location Description Hours Frequency Avg Workload
Lecture Lecture Theatre Léachtaí - Torthaí Foghlama 1-5 3 Weekly 3.00
Independent Learning Not Specified Staidéar Neamhspleách/Staidéar faoi Threoir - Torthaí Foghlama 1-5 4 Weekly 4.00
Total Full Time Average Weekly Learner Contact Time 3.00 Hours

Module Resources

Non ISBN Literary Resources

de Brún, F. (2019) Revivalism and Modern Irish Literature: the anxiety of transmission and the dynamics of renewal. Corcaigh: Cló Ollscoil Chorcaí. 

Doherty, R., Ó Conchubhair, B., agus O’Leary, P. (eag.) (2017) Úrscéalta na Gaeilge. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.  

Foster, J.W. (2006) The Cambridge Companion to the Irish Novel. Cambridge: Cambridge University Press.  

Ní Dhuibhne, E. (2006) Hurlamaboc. Baile Átha Cliath: Cois Life. 

Ní Ghallchobhair, E. (2012) Hiúdaí Beag. Maigh Eo: Cló Mhaigh Eo.  

Ní Leannáin, R. (2019) Cití na gCártaí. Baile Átha Cliath: Cois Life. 

Nic Dhiarmada, B. & Ní Annracháin, M. (1998) Téacs agus Comhthéacs: Gnéithe de Chritic na Gaeilge. Corcaigh: Cork University Press. 

Nic Eoin, M. (2005) Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life. 

Nic Pháidín, M. (2016) An tIriseoir. Baile Átha Cliath: Cois Life. 

Ó Conghaile, M. (2019) Sa Teach Seo Anocht. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.  

Titley, A. (1991) An tÚrscéal Gaeilge. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta. 

Uí Leighléis, G. (2017) Gallán an Ghúim. Baile Átha Cliath: Coiscéim.  

Williams, C. & Ní Mhuiríosa, M. (1987) Traidisiún Liteartha na nGael. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta. 

Journal Resources
Other Resources
Additional Information