IRIS07004 2023 Gaeilge agus Cumarsáid 4

General Details

Full Title
Gaeilge agus Cumarsáid 4
Transcript Title
Gaeilge agus Cumarsáid 4
Code
IRIS07004
Attendance
N/A %
Subject Area
IRIS - Irish
Department
SOCS - Social Sciences
Level
07 - NFQ Level 7
Credit
05 - 05 Credits
Duration
Semester
Fee
Start Term
2023 - Full Academic Year 2023-24
End Term
9999:96 - Projections term code
Author(s)
Breda McTaggart, Valerie McTaggart, Mairéad Conneely, Kate Mlynarska
Programme Membership
SG_HBUIR_H08 202300 Bachelor of Arts (Honours) in Business and Irish
Description

Déantar scileanna teanga uile na mac léinn (éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh), mar aon lena dtuiscint ar shuíomh agus ar ról na Gaeilge agus an dátheangachais sa tsochaí a chleachtadh agus a fhorbairt trí thascanna ranga, obair neamhspleách agus tascanna grúpa. Le linn an chúrsa cothaítear foghlaimeoirí fadsaoil machnamhacha agus tugtar uirlisí dóibh le foghlaim féinriartha a chothú iontu. Cuirfear béim sna léachtaí agus sna ceardlanna ar an idirghníomhaíocht chumarsáide agus baintear leas as ábhar dílis a bhaineann go dlúth le réimse níos leithne comhthéacsanna gairmiúla ina n-úsáidtear an Ghaeilge. Cuirtear le heolas na mac léinn ar ghramadach na Gaeilge, ar fhoghraíocht na Gaeilge, ar na canúintí, agus déantar foclóir agus cumas idirghníomhach na mac léinn a shaibhriú trí chleachtaí cluastuisceana, cumarsáideacha, léamhthuisceana agus trí chleachtaí meicniúla gramadaí. Táthar ag súil leis go mbeidh inniúlacht an mhic léinn ag teacht go ginearálta le hinniúlacht B2+ de réir An Fráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001) agus an modúl curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn.

Learning Outcomes

On completion of this module the learner will/should be able to;

1.

Na príomhphointí a thuiscint i ngnáthchaint shoiléir mar aon le príomhphointí díospóireachtaí nó léachtaí a thuiscint a bhaineann le réimse leathan ábhar.

2.

Páirt ghníomhach a ghlacadh i gcomhráite ar ábhair a bhfuil taithí acu orthu nó a bhaineann le saol gairmiúil an mhic léinn gan aon réamhullmhúchán.

3.

Feasacht a léiriú ar ghnéithe bunaidh de struchtúr na teanga agus ar ghramadach na Gaeilge chun cur síos a dhéanamh ar eispéiris agus ar eachtraí, ar a gcuid mianta, ar a n-ábhair dhóchais agus ar a n-uaillmhianta pearsanta agus proifisiúnta.

4.

éacsanna (scríofa agus ilmheánacha – cláir raidió/theilifíse) ina bhfuil foclóireacht ardmhinicíochta nó focail atá bainteach le saol pearsanta nó saol gairmiúil an mhic léinn a thuiscint agus a sholáthar gan mórán dua.

5.

Téacsanna soiléire a scríobh go réasúnta cruinn ar ábhair a bhfuil taithí acu orthu, spéis phearsanta acu iontu nó a bhaineann le gairm an mhic léinn.

Teaching and Learning Strategies

Bainfear úsáid as réimse leathan de straitéisí gníomhacha foghlama & teagaisc leis na torthaí foghlama a bhaint amach. Ina measc, beidh meascán de léachtaí traidisiúnta agus ranganna gramadaí struchtúrtha, chomh maith le seisiúin idirghníomhaíocht-bhunaithe ar líne, léitheoireacht faoi threoir agus chórais leictreonacha aisghabhála faisnéise. Beidh seimineáir a dhíreoidh ar scileanna anailíse agus ar théacsanna a phlé, rólimirt, babhtaí tobsmaointe, díospóireachtaí agus cuir i láthair ó bhéal, cluastuiscint agus cleachtaí ilmheáin agus foghlaim bunaithe ar fhiosrúchán. Trí obair chúrsa rialta a thabhairt chun críche, déanfaidh na mic léinn na scileanna teanga a fhoghlaimeoidh siad sa rang a chomhdhlúthú agus a chleachtadh.

Delivery may be 4 hours per week over 10 weeks

Module Assessment Strategies

Beidh an cur chuige measúnaithe don mhodúl seo bunaithe ar mheasúnú tionscadail obair chúrsa. 

Repeat Assessments

Déan scrúdú scríofa arís agus/nó déan an eilimint measúnaithe leanúnaigh arís ag brath ar an gcuid ar theip uirthi.  

Tá gach gné den mhodúl seo éigeantach agus is gá 40% a bhaint amach i ngach gné den mhodúl seo sula mbeidh riachtanais an mhodúil comhlíonta ag an mac léinn. Ní féidir pas le cúiteamh a fháil sa mhodúl seo mura bhfuil na gnéithe éigeantacha seo comhlíonta ag an mac léinn.

Indicative Syllabus

Topaic 1: Déantar feasacht teanga na mac léinn a fhorbairt tuilleadh mar aon le leanúint leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil chun go mbeidh ar chumas na mac léinn an teanga a úsáid i réimse leathan comhthéacsanna. 

Topaic 2: Grinnléitheoireacht a dhéanamh ar théacsanna, téacsanna clóite, téacsanna éisteachta mar aon le téacsanna físe, ionas go mbeidh na mic léinn in ann réimse leathan stór focal a úsáid sa chaint agus sa scríobh go muiníneach. 

Topaic 3: Plé, scagadh agus anailís a dhéanamh ar théacsanna caighdeánacha atá bainteach le hábhar an tsiollabais chumarsáidigh chun cur le feasacht teanga na mac léinn. 

Topaic 4: Pléitear agus cleachtar struchtúir, réimsí cainte agus teanga atá oiriúnach do chomhthéacsanna éagsúla, comhthéacsanna pearsana agus comhthéacsanna gairmiúla san áireamh, agus dírítear go sonrach ar riachtanais chumarsáide na mac léinn.   

Topaic 5: Déantar forbairt ar scileanna litearthachta, scileanna cumarsáide, scileanna uimhearthachta agus cruinneas gramadaí na mac léinn.

Coursework & Assessment Breakdown

Coursework & Continuous Assessment
100 %

Coursework Assessment

Title Type Form Percent Week Learning Outcomes Assessed
1 Tascanna scrofa, Trialacha gramada Coursework Assessment Assessment 70 % Week 10 1,2,3,4,5
2 Scrd Cainte Coursework Assessment Oral Exam/Presentation 30 % Week 13 1,2,3
             

Full Time Mode Workload


Type Location Description Hours Frequency Avg Workload
Lecture Lecture Theatre Ranganna Teagaisc - Torthaí foghlama 1-5 3 Weekly 3.00
Independent Learning Not Specified Staidéar Neamhspleách & Staidéar faoi Threoir 4 Weekly 4.00
Total Full Time Average Weekly Learner Contact Time 3.00 Hours

Module Resources

Non ISBN Literary Resources

de Bhaldraithe, T. (1959) English-Irish Dictionary. BÁC: Oifig an tSoláthair.  

Mac Congáil, N. (2002) Leabhar Gramadaí Gaeilge. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.  

Mac Lochlainn, A. (2015) Cruinneas, Baile Átha Cliath: Cois Life.  

Ó Baoill, D.P. & Ó Tuathail, É. (1992) Úrchúrsa Gaeilge. BÁC: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.  

Ó Dónaill, E. (2013) Gramadach gan stró BÁC: Gaelchultúr Teoranta.  

Ó Dónaill, E., & Hegarty, H. (2012) QuickGuide Irish grammar: the indispensable guide to Irish language grammar for learners at all levels. BÁC: Gaelchultúr.  

Ó Dónaill, N. (1977) Foclóir Gaeilge-Béarla. BÁC: Oifig an tSoláthair.  

Ó Mianáin, P. (2020) The Concise English-Irish Dictionary. BÁC: An Gúm.   

Ó Murchaidh, C. (2004) Cruinnscríobh na Gaeilge. BÁC: Cois Life.

Updated Literary Resources
Journal Resources
Other Resources
Additional Information