IRIS07003 2023 Litríocht na Gaeilge san Ochtú hAois agus na Naoú hAois Déag

General Details

Full Title
Litríocht na Gaeilge san Ochtú hAois agus na Naoú hAois Déag
Transcript Title
Litriocht na Gaeilge
Code
IRIS07003
Attendance
N/A %
Subject Area
IRIS - Irish
Department
SOCS - Social Sciences
Level
07 - NFQ Level 7
Credit
05 - 05 Credits
Duration
Semester
Fee
Start Term
2023 - Full Academic Year 2023-24
End Term
9999:96 - Projections term code
Author(s)
Breda McTaggart, Valerie McTaggart, Mairéad Conneely, Kate Mlynarska
Programme Membership
SG_HBUIR_H08 202300 Bachelor of Arts (Honours) in Business and Irish
Description

Is é cuspóir an mhodúil ná léargas a thabhairt ar litríocht na Gaeilge san 18ú agus sa 19ú haois trí ghrinnstaidéar a dhéanamh ar dhánta agus ar shaothair phróis a chum mórscríbhneoirí na tréimhse. Déanfar mionanailís ar na téacsanna ó thaobh na teanga agus na foirme de. Déanfar plé ar ábhair agus ar théamaí na dtéacsanna i bhfianaise chomhthéacs sochpholaitiúil na hÉireann tráth ar cumadh iad. Léifear na téacsanna ar leibhéil éagsúla sa dóigh is go ndéanfar forbairt ar scileanna léitheoireachta agus anailíse na mac léinn. Cuirfear le tuiscint na mac léinn ar sheánraí éagsúla litríochta le linn an mhodúil. Pléifear freagraí lucht léinn na Gaeilge ar athruithe polaitíochta na linne. Déanfaidh na mic léinn iniúchadh ar na hathruithe a tháinig ar thraidisiúin liteartha na Gaeilge san 18ú haois agus sa naoú haois déag agus gheobhaidh sé/sí tuiscint ar smaointí lucht léinn na tréimhse. Beidh deis ag mic léinn dul i ngleic leis an bplé scolártha a rinneadh ar litríocht na tréimhse seo chomh maith.

Learning Outcomes

On completion of this module the learner will/should be able to;

1.

Téacsanna liteartha roghnach ón 18ú agus ón 19ú haois a léamh agus a thuiscint.

2.

Anailís a dhéanamh ar shaintréithe fhilíocht agus phrós an 18ú agus an 19ú haois.

3.

Buntréithe meadarachta, foirme, friotail, agus stíle fhilíocht an 18ú agus an 19ú haois a aithint agus a phlé.

4.

Forbairt na próslitríochta san 18ú agus sa 19ú haois a rianú i bhfianaise chomhthéacs shoch-chultúrtha na linne.

5.

Dul i ngleic leis an litríocht thánaisteach acadúil a rinneadh ar an ábhar agus í a phlé i gcomhthéacs teoiricí liteartha ábhartha.

Teaching and Learning Strategies

Léachtaí foirmiúla; plé ghrúpaí agus ceardlanna; anailís théacsúil; cur i láthair aonair don rang; mionléamh téacsanna; staidéar neamhspleách, an mhalairt foghlama agus staidéar faoi threoir.

Module Assessment Strategies

Beidh an cur chuige measúnaithe don mhodúl seo bunaithe ar mheasúnú tionscadail obair chúrsa.

Repeat Assessments

Déan scrúdú scríofa arís agus/nó déan an eilimint measúnaithe leanúnaigh arís ag brath ar an gcuid ar theip uirthi.

Indicative Syllabus

Topaic 1: Déanfar léamh agus anailís ar fhilíocht pholaitiúil na tréimhse ina léirítear smaointí agus tuairimí lucht léinn ar chomhthéacs sochpholaitiúil na linne.  

Topaic 2: Cíorfar forbairt na filíochta san ochtú agus sa naoú haois déag ag díriú go sonrach ar ionramháil theanga fhilí na tréimhse.  

Topaic 3: Déanfar plé agus grinnanailís ar mheadaracht na filíochta a cumadh le linn na tréimhse. 

Topaic 4: Déanfar léamh agus anailís ar shamplaí roghnacha de phróslitríocht na hochtú agus na naoú haois déag ag díriú ar fhoirm agus ar úsáid na teanga iontu. 

Topaic 5: Déanfar mionphlé ar shamplaí roghnacha de dhialanna na tréimhse agus díreofar ar an dialannaíocht mar sheánra ar leith.   

Topaic 6: Déanfar mionphlé ar théamaí, ar chomhthéacsanna cumadóireachta agus ar sheachadadh na litríochta le linn na gcéadta atá faoi chaibidil. 

Coursework & Assessment Breakdown

End of Semester / Year Formal Exam
100 %

End of Semester / Year Assessment

Title Type Form Percent Week Learning Outcomes Assessed
1 Scrd Scrofa an mhodil Final Exam Closed Book Exam 100 % End of Semester 1,2,3,4,5
             
             

Full Time Mode Workload


Type Location Description Hours Frequency Avg Workload
Lecture Lecture Theatre Ranganna Teagaisc - Torthaí foghlama 1-5 3 Weekly 3.00
Independent Learning Not Specified Staidéar Neamhspleách & Staidéar faoi Threoir 4 Weekly 4.00
Total Full Time Average Weekly Learner Contact Time 3.00 Hours

Module Resources

Non ISBN Literary Resources

Blankenhorn, V.S. (2003) Irish Song-Craft and Metrical Practice since 1600, Lampeter: The Edwin Mellen Press. 

Caerwyn Williams, J.E. agus Ní Mhuiríosa, M. (1979) Traidisiún Liteartha na nGael, Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta. 

De Bhaldraithe, T. (eag.) (1970) Cín Lae Amhlaoibh, Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 

de Brún, P., Ó Buachalla, B. agus Ó Concheanainn, T. (eag.) (1971) Nua-Dhuanaire: cuid I, Baile Átha Cliath: Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath. 

Henigan, J. (2016) Literacy and Orality in Eighteenth-Century Irish Song, London: Routledge. 

Ní Uallacháin, P. (2003) A Hidden Ulster, Baile Átha Cliath: Four Courts Press. 

Ó Buachalla, B. (1969) Peadar Ó Doirnín: Amhráin, Baile Átha Claith: An Chóchomhar. 

Ó Buachalla, B. (1996) Aisling Ghéar: Na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn, Baile Átha Cliath: Clóchomhar.  

Ó Buachalla, B. (eag.) (1976) Nua-Dhuanaire: cuid II, Baile Átha Cliath: Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath. 

Ó Buachalla, B. ed. (1975) Cathal Buí: Amhráin, Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta. 

Ó Doibhlin, B. (2009) Manuail de Litríocht na Gaeilge, Faisicil IV 1704-1750, Baile Átha Cliath: Coiscéim. 

Ó Doibhlin, B. (2011) Manuail de Litríocht na Gaeilge, Faisicil V, 1750-1850, Baile Átha Cliath: Coiscéim. 

Ó Fiaich, T. ed. (1973) Art Mac Cumhaigh: Dánta, Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 

Ó Maonaigh OFM, C. (eag.) (1965) Seanmónta Cúige Uladh, Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 

Ó Murchú, L.P. ed. (1982) Cúirt an Mheon-Oíche, Baile Átha Cliath An Clóchomhar Tta. 

Ó Tuama, S., agus Kinsella, T. (1981) An Duanaire 1600-1900: Poems of the Dispossessed, Baile Átha Cliath: Dolmen. 

Updated Literary Resources
Journal Resources

Ó Doibhlin, D. (2006) 'Eachtra Bhoc Bhaile Bionabaí', Seanchas Ardmhacha, 21, 149-180. 

Ó Fiaich, T. (1971) 'Filíocht Uladh mar Fhoinse don Stair Shóisialta san 18ú hAois', Studia Hibernica, (11), 80-129. 

Ó Fiaich, T. (2003) 'The Ulster Poetic Tradition in the 19th Century', Seanchas Ardmhacha, 19(2), 164-179. 

Ó Madagáin, B. (1985) 'Functions of Irish Song in the Nineteenth Century', Béaloideas, 53, 130-216. 

URL Resources
Other Resources
Additional Information