IRIS07002 2023 An Ghaeilge agus an Saol Gairimiúil
Is é sprioc an mhodúil seo ná eolas agus tuiscint na mac léinn ar an nGaeilge a fhorbairt ionas gur féidir leo an teanga a úsáid go saoráideach agus go cruinn i réimsí agus comhthéacsanna gairmiúla. Déanfar scileanna teanga na mac léinn (éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh) a chleachtadh agus a fhorbairt tuilleadh trí thascanna ranga, obair neamhspleách agus tascanna grúpa a dhéanamh. Leathnóidh na mic léinn a stór focal agus cuirfear lena líofacht agus lena gcruinneas gramadaí, litrithe agus foghraíochta ionas gur féidir leo feidhmiú go héifeachtach sa saol gairmiúil. Beidh béim ar leith ar ullmhúchán do shaol na hoibre; scileanna agallaimh, Gaeilge fhoirmiúil (idir scríobh agus léamh), cruinnithe a reáchtail agus miontuairiscí a scríobh san áireamh. Táthar ag súil leis go mbeidh inniúlacht an mhic léinn ag teacht go ginearálta le hinniúlacht B2+ de réir An Fráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001) agus an modúl curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn.
Learning Outcomes
On completion of this module the learner will/should be able to;
Na príomhphointí a thuiscint i gcomhthéacs an tsaoil ghairmiúil mar aon le cruinnithe roinne/rannóige nó imeachtaí poiblí agus réimse na Gaeilge gairmiúla in úsáid ar ghnáthluas.
Páirt ghníomhach a ghlacadh i gcomhráite ar ábhair a bhfuil taithí acu orthu nó a bhaineann leis an saol gairmiúil gan aon réamhullmhúchán.
Feasacht a léiriú ar ghnéithe ar leith de struchtúr na teanga agus ar ghramadach na Gaeilge chun cur síos a dhéanamh ar eispéiris agus ar eachtraí, ar a gcuid taithí oibre, ar a ndualgais ghairmiúla agus ar a n-uaillmhianta proifisiúnta.
éacsanna (scríofa agus ilmheánacha – tuairiscí cruinnithe agus caipéisí oifigiúla) ina bhfuil foclóireacht ardmhinicíochta nó focail atá bainteach le saol gairmiúil an mhic léinn a thuiscint agus a sholáthar.
Téacsanna agus tuairiscí soiléire a sholáthar go cruinn ar ábhair as a bhfuil siad freagrach, nó a bhaineann lena saol gairmiúil féin.
Teaching and Learning Strategies
Bainfear úsáid as réimse leathan de straitéisí gníomhacha foghlama & teagaisc leis na torthaí foghlama a bhaint amach. Ina measc, beidh meascán de léachtaí traidisiúnta agus ranganna gramadaí struchtúrtha, chomh maith le seisiúin idirghníomhaíocht-bhunaithe ar líne, léitheoireacht faoi threoir agus chórais leictreonacha aisghabhála faisnéise. Beidh seimineáir a dhíreoidh ar scileanna anailíse agus ar théacsanna a phlé, rólimirt, babhtaí tobsmaointe, díospóireachtaí agus cuir i láthair ó bhéal, cluastuiscintí agus cleachtaí ilmheáin agus foghlaim bunaithe ar fhiosrúchán. Trí obair chúrsa rialta a thabhairt chun críche, déanfaidh na mic léinn na scileanna teanga a fhoghlaimeoidh siad sa rang a chomhdhlúthú agus a chleachtadh.
Delivery may be 4 hours per week over 10 weeks
Module Assessment Strategies
Beidh an cur chuige measúnaithe don mhodúl seo bunaithe ar mheasúnú tionscadail obair chúrsa.
Repeat Assessments
Déan scrúdú scríofa arís agus/nó déan an eilimint measúnaithe leanúnaigh arís ag brath ar an gcuid ar theip uirthi.
Tá gach gné den mhodúl seo éigeantach agus is gá 40% a bhaint amach i ngach gné den mhodúl seo sula mbeidh riachtanais an mhodúil comhlíonta ag an mac léinn. Ní féidir pas le cúiteamh a fháil sa mhodúl seo mura bhfuil na gnéithe éigeantacha seo comhlíonta ag an mac léinn.
Indicative Syllabus
Topaic 1: Déantar feasacht na mac léinn a fhorbairt tuilleadh ar ghnéithe d’fhoghlaim na Gaeilge foirmiúla mar aon le leanúint leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.
Topaic 2: Grinnléitheoireacht a dhéanamh ar théacsanna, tuairiscí clóite agus ó bhéal mar aon le caipéisí oifigiúla (náisiúnta agus idirnáisiúnta), ionas go mbeidh na mic léinn in ann réimse leathan stór focal a bhaineann leis an saol proifisiúnta a úsáid sa chaint agus sa scríobh go muiníneach.
Topaic 3: Plé, scagadh agus anailís a dhéanamh ar théacsanna caighdeánacha atá bainteach le hábhar an tsiollabais chumarsáidigh chun cur le feasacht teanga na mac léinn.
Topaic 4: Pléifear agus cleachtfar struchtúir, réimsí cainte agus teanga atá oiriúnach do chomhthéacsanna éagsúla oibre agus díreofar go sonrach ar riachtanais chumarsáide na mac léinn sa saol proifisiúnta.
Topaic 5: Déantar forbairt ar scileanna litearthachta, scileanna cumarsáide, scileanna uimhearthachta agus cruinneas gramadaí na mac léinn.
Coursework & Assessment Breakdown
Coursework Assessment
Title | Type | Form | Percent | Week | Learning Outcomes Assessed | |
---|---|---|---|---|---|---|
1 | Tascanna scrofa, Trialacha gramada | Coursework Assessment | Assessment | 100 % | Week 13 | 1,2,3,4,5 |
Full Time Mode Workload
Type | Location | Description | Hours | Frequency | Avg Workload |
---|---|---|---|---|---|
Lecture | Lecture Theatre | Ranganna Teagaisc - Torthaí foghlama 1-5 | 3 | Weekly | 3.00 |
Independent Learning | Not Specified | Staidéar Neamhspleách & Staidéar faoi Threoir | 4 | Weekly | 4.00 |
Module Resources
de Bhaldraithe, T. (1959) English-Irish Dictionary. BÁC: Oifig an tSoláthair.
Mac Congáil, N. (2002) Leabhar Gramadaí Gaeilge. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.
Mac Lochlainn, A. (2015) Cruinneas, Baile Átha Cliath: Cois Life.
Ó Baoill, D.P. & Ó Tuathail, É. (1992) Úrchúrsa Gaeilge. BÁC: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.
Ó Dónaill, E. (2013) Gramadach gan Stró. BÁC: Gaelchultúr Teoranta.
Ó Dónaill, E., & Hegarty, H. (2012) QuickGuide Irish grammar: the indispensable guide to Irish language grammar for learners at all levels. BÁC: Gaelchultúr.
Ó Dónaill, N. (1977) Foclóir Gaeilge-Béarla. BÁC: Oifig an tSoláthair.
Ó Mianáin, P. (2020) The Concise English-Irish Dictionary. BÁC: An Gúm.
Ó Murchaidh, C. (2004) Cruinnscríobh na Gaeilge. BÁC: Cois Life.