IRIS06005 2023 An Béaloideas agus an Fhilíocht Bhéil

General Details

Full Title
An Béaloideas agus an Fhilíocht Bhéil
Transcript Title
An Béaloideas agus an FB
Code
IRIS06005
Attendance
N/A %
Subject Area
IRIS - Irish
Department
SOCS - Social Sciences
Level
06 - NFQ Level 6
Credit
05 - 05 Credits
Duration
Semester
Fee
Start Term
2023 - Full Academic Year 2023-24
End Term
9999 - The End of Time
Author(s)
Aodhmar Cadogan, Breda McTaggart, Ann Sheridan, Kate Mlynarska
Programme Membership
SG_HBUIR_H08 202300 Bachelor of Arts (Honours) in Business and Irish
Description

Tabharfar cuntas ar léann an bhéaloidis agus léargas ar chreidiúntí, ar chleachtais agus ar thraidisiúin an bhéaloidis sa chéad chuid den mhodúl seo. Beidh taithí ag an mac léinn ar thaighde cartlainne agus beidh na scileanna riachtanacha aige/aici chun anailís a dhéanamh ar fheidhm an bhéaloidis sa tsochaí. Sa dara cuid den mhodúl seo díreofar ar mhórfhilí na filíochta béil a tháinig chun cinn ón 17ú haois ar aghaidh agus déanfar staidéar ar fhilíocht na tréimhse. 

Learning Outcomes

On completion of this module the learner will/should be able to;

1.

An téarma 'béaloideas' a mhíniú agus measúnú a dhéanamh ar an mbéaloideas mar ábhar acadúil, mar aon le léirthuiscint a thaispeáint ar fheidhm agus ar nósanna an bhéaloidis m.sh. an traidisiún béil, féilire dúchasach na bliana, cleachtais agus creidiúintí an phobail.

2.

Taighde scolártha a dhéanamh i réimse an bhéaloidis, idir obair chartlainne agus obair allamuigh.

3.

Cuntas a bhreacadh ar ról na filíochta béil i sochaí na hÉireann agus ar rian an traidisiúin atá le feiceáil go fóill i bpobail na Gaeilge/na Gaeltachta.

4.

Scagadh a dhéanamh ar shaothair mhórfhilí an ama mar eiseamláirí den traidisiún béil.

5.

Scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fhorbairt agus a ról mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha a thuiscint.

Teaching and Learning Strategies

Bainfear úsáid as réimse leathan de straitéisí gníomhacha foghlama & teagaisc leis na torthaí foghlama a bhaint amach. Ina measc, beidh meascán de léachtaí foirmiúla; plé grúpaí; ceardlanna agus obair ghrúpa; anailís théacsúil; cur i láthair aonair don rang; mionléamh téacsanna; staidéar neamhspleách; an mhalairt foghlama agus staidéar faoi threoir.

Delivery may be 4hours per week over 10 weeks.

Module Assessment Strategies

Beidh an cur chuige measúnaithe don mhodúl seo bunaithe ar scrúdú teoirice deiridh. 

Repeat Assessments

Déan scrúdú scríofa arís agus/nó déan an eilimint measúnaithe leanúnaigh arís ag brath ar an gcuid ar theip uirthi. 

Indicative Syllabus

Topaic 1: Sa chéad chuid den mhodúl seo, breathnófar ar an mbéaloideas mar chuid lárnach de thraidisiún labhartha agus litríochta na hÉireann agus féachfar le cuntas beacht a sholáthar ar ról an bhéaloidis i sochaí an lae inniu.

Topaic 2: Díreofar ar stair agus ar fhorbairt an bhéaloidis mar ábhar léinn san Eoraip agus pléifear feidhmeanna an bhéaloidis mar aon le gnéithe sonracha de chreidiúintí agus de nósanna an phobail sin.

Topaic 3: Cíorfar raon leathan téamaí a bhaineann go dlúth le béaloideas an hÉireann agus scrúdófar an léiriú a dhéantar ar na téamaí sin i raon leathan téacsanna de chuid an traidisiúin bhéil mar atá scéalta idirnáisiúnta, scéalta na Rúraíochta mar aon le scéalta na Fiannaíochta.

Topaic 4: Féachfar le hilghnéitheacht logainmneacha na hÉireann a luaitear i dtéacsanna roghnaithe béaloidis a phlé mar chuid lárnach de thraidisiún na n-ealaíon béil. 

Topaic 5: Breathnófar ar ról agus ar choincheap na filíochta béil i sochaí na hÉireann agus ar rian an traidisiúin atá le feiceáil go fóill i bpobail na Gaeilge/na Gaeltachta.

Topaic 6: Déanfar plé ar thábhacht na filíochta béil mar ealaín bhéil.

Coursework & Assessment Breakdown

End of Semester / Year Formal Exam
100 %

End of Semester / Year Assessment

Title Type Form Percent Week Learning Outcomes Assessed
1 Pipar Scrdaithe Final Exam Closed Book Exam 100 % End of Semester 1,2,3,4,5
             
             

Full Time Mode Workload


Type Location Description Hours Frequency Avg Workload
Lecture Lecture Theatre Léachtaí - Torthaí Foghlama 1-5 3 Weekly 3.00
Independent Learning Not Specified Staidéar Neamhspleách/ Staidéar faoi Threoir 4 Weekly 4.00
Total Full Time Average Weekly Learner Contact Time 3.00 Hours

Module Resources

Non ISBN Literary Resources

Almqvist, B., Mac Cártaigh, C., Mac Mathúna, L., Mac Mathúna, S. agus Watson, S. 
(eag.) (2012) Atlantic currents : essays on lore, literature and language : essays in honours of Séamus Ó Catháin on the occasion of his 70th birthday/Sruthanna an Aigéin Thiar : aistí ar sheanchas, ar litríocht agus ar theanga : aistí in onóir do Shéamus Ó Catháin in aois a 70 bliain dó. Dublin: UCD Press. 

Briody, M. (2007) The Irish Folklore Commission, 1935-1970: history, ideology, Methodology. Helsinki: Finnish Literature Society. 

Briody, M. (2013) 'The Gaelic Story-Teller and Séamus Ó Duilearga's Views on the Role and Antiquity of Airneán', Béascna, pp. 8, 1-33. 

Briody, M. (2015) 'The Socialisation of Storytellers and the Role of Women in the Irish Storytelling Tradition', Béascna, 9, pp. 62-97. 

Fitzgerald, K., Ní Fhloinn, B., Ní Úrdail, M. agus O'Connor, A. (eag.) (2019). Life, lore  and song / 'Binneas an tSiansa': Essays in Irish tradition in honour of Ríonach uí Ógáin/Aistí in onóir do Ríonach uí Ógáin. Baile Átha Cliath: Four Courts Press. 

Henigan, J. (2016) Literacy and Orality in Eighteenth-Century Irish Song. London: Routledge.  

Mac Dhonnagáin, T. (2015) Mise Raiftearaí: An Fídóir Focal. An Spidéal: Futa Fata. 

Morley, V. (2011) Ó Chéitinn go Raiftearaí: mar a cumadh stair na hÉireann. Baile  Átha Claith: Coiscéim. 

Ó Conghaile, M., Ó Tuairisc, L., agus Ó Ceannabháin, P., (eag.) (2013) Leabhar Mór na nAmhrán, Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.  

Ó Giolláin, D. (2000) Locating Irish Folklore, Tradition, Modernity, Identity. Corcaigh: Cork University Press. 

Ó Muraíle, N. (eag.) (2018) Amhráin agus Dánta Raiftearaí le Dúghlas de Híde. An Spidéal: Futa Fata. 

Ridge, A. (2009) Death Customs in Rural Ireland; Traditional Funerary Rites in the Irish Midlands. Gaillimh: Arlen House. 

Williams, N. J. A. (1988) Cniogaide Cnagaide. Rainn traidisiúnta do pháistí.  Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 

Zimmermann, G. D. (2001) The Irish Storyteller. Dublin: Four Courts. 

Journal Resources
Other Resources
Additional Information