IRIS06004 2023 Athbheochan na Gaeilge
Sa chéad chuid den mhodúl seo, breathnófar ar athbheochan agus athnuachan na teanga sa naoú haois déag agus pléifear ról agus tábhacht phearsana, eagraíochtaí agus chumann i saol na Gaeilge in aimsir na hAthbheochana. Déanfar staidéar ar théacsanna éagsúla na tréimhse Athbheochana agus déanfar iniúchadh ar thábhacht na dtéacsanna sin i gcultúr, i bhfealsúnacht agus i bpobal na Gaeilge. Sa dara cuid den mhodúl pléifear stair, cúlra agus forbairt na meán clóite sa Ghaeilge. Tabharfar spléachadh ginearálta ar nuachtáin luatha na Gaeilge agus déanfar plé agus anailís ar shleachta ó dhírbheathaisnéisí roghnaithe agus téacsanna roghnaithe eile ón tréimhse.
Learning Outcomes
On completion of this module the learner will/should be able to;
Tuiscint a léiriú ar na gnéithe a chuir le hAthbheochan na teanga, ar ról phearsana agus eagraíochtaí agus cumainn éagsúla
Anailís a dhéanamh ar an tionchar a d’imir gluaiseacht na hAthbheochana ar chúrsaí polaitiúla agus sóisialta na tíre agus an léiriú a dhéantar ar sin sa litríocht
Léamh agus anailís a dhéanamh ar théacsanna dílse na hAthbheochana, ar shleachta dírbheathaisnéisí agus prós cruthaitheach eile
Cuntas a thabhairt ar stair agus ar fhorbairt na meán clóite sa Ghaeilge
Scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fhorbairt agus a ról mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha a thuiscint
Teaching and Learning Strategies
Bainfear úsáid as réimse leathan de straitéisí gníomhacha foghlama & teagaisc leis na torthaí foghlama a bhaint amach. Ina measc, beidh meascán de léachtaí foirmiúla; plé grúpaí; ceardlanna agus obair ghrúpa; anailís théacsúil; cur i láthair aonair don rang; mionléamh téacsanna; staidéar neamhspleách, an mhalairt foghlama agus staidéar faoi threoir.
Delivery may be 4 hours per week over 10 weeks.
Module Assessment Strategies
Meascán de mheasúnú leanúnach agus scrúdú teoirice deiridh a bheidh sa chur chuige measúnaithe don mhodúl seo.
Repeat Assessments
Scrúdú scríofa a dhéanamh arís agus/nó an eilimint measúnaithe leanúnaigh a athdhéanamh ag brath ar an ngné nár éirigh leat.
Indicative Syllabus
Topaic 1: Déanfar scagadh ar staid na teanga sa naoú haois déag agus na hiarrachtaí a rinneadh leis an teanga a athnuachan ag tús an fichiú haois
Topaic 2: Breathnófar ar an tábhacht a bhain le heagraíochtaí ar nós Cumann Buan-Choimhéadta na Gaeilge (1876), Conradh na Gaeilge (1893) agus mórphearsana na hAthbheochana leis
Topaic 3: Féachfar ar litríocht dhílis na hAthbheochana agus ar shleachta ó dhírbheathaisnéisí roghnaithe
Topaic 4: Déanfar anailís ar litríocht dhílis na hAthbheochana a bhaineann le Litríocht na nÓg agus leis an bprós cruthaitheach freisin
Topaic 5: Pléifear stair na meán clóite sa Ghaeilge, trí anailís a dhéanamh ar nuachtáin agus irisleabhair luatha na Gaeilge, mar shampla: ‘An Claidheamh Soluis’ agus ‘An Gaodhal’
Topaic 6: Cíorfar gluaiseacht Athbheochan na Gaeilge agus an tionchar a bhí aige ar chúrsaí oideachais lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht
Coursework & Assessment Breakdown
Coursework Assessment
Title | Type | Form | Percent | Week | Learning Outcomes Assessed | |
---|---|---|---|---|---|---|
1 | Aiste ar bhar an chrsa | Coursework Assessment | Essay | 30 % | End of Semester | 1,2,3,5 |
End of Semester / Year Assessment
Title | Type | Form | Percent | Week | Learning Outcomes Assessed | |
---|---|---|---|---|---|---|
1 | Pipar Scrdaithe | Final Exam | Closed Book Exam | 70 % | End of Semester | 1,2,3,4,5 |
Full Time Mode Workload
Type | Location | Description | Hours | Frequency | Avg Workload |
---|---|---|---|---|---|
Lecture | Lecture Theatre | Léacht - Toradh Foghlama 1-5 | 3 | Weekly | 3.00 |
Independent Learning | Not Specified | Staidéar Neamhspleách/Staidéar faoi Threoir | 4 | Weekly | 4.00 |
Module Resources
Almqvist, B. & Ó Héalaí, P. (2020) Peig Sayers Níl deireadh ráite Not the Final Word. Baile Átha Cliath: New Island Books
de Brún, F. (2019) Revivalism and Modern Irish Literature: the anxiety of transmission and the dynamics of renewal. Corcaigh: Cló Ollscoil Chorcaí.
Higgins, R., and Uí Chollatáin, R. (Eds) (2009) P.H.Pearse: Life and After-Life/ Pádraic Mac Piarais: Saol agus Oidhreacht. Dublin: Irish Academic Press.
Kiberd, D. (1995) Inventing Ireland: the literature of the modern nation. London: Johnathon Cape.
Mac Aonghusa, P. (1993) Ar Son na Gaeilge; Conradh na Gaeilge 1893-1993. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge.
Na gCopaleen, M. (1999) An Béal Bocht. Corcaigh: Cló Mercier.
Nic Congáil, R. (eag.) (2012) Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg. Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR.
Nic Pháidín, C. (1982) ‘Irisleabhar na Gaedhilge 1882-1909’. Comhar (Iml. 41, 11), pp. 4-16.
Nic Pháidín, C. (1998) Fáinne an Lae agus an Athbheochan, 1898-1900. Baile Átha Cliath: Cois Life.
Ó Buachalla, S. (1984) ‘Educational Policy and the Role of the Irish Language from 1831 to 1981’. European Journal of Education, pp. 75-92.
Ó Coileáin, S. (eag.) (2001) An tOileánach: Tomás Ó Criomhthain. Baile Átha Cliath: EdCo.
Ó Grianna, S. (1976) Caisleáin Óir. Corcaigh: Cló Mercier.
O’Leary, P. (1994) The Prose Literature of the Gaelic Revival 1881-1921. Pennsylvania State University Press.
Ó Tuathaigh, G. (2003) ‘Cultural vision and the new state: embedding and embalming’ in Doherty, G. agus Keogh, D. (Ed.) De Valera’s Irelands. Cork: Mercier Press, pp. I66-184.
Ua Maoileoin, P. (eag.) (1992) Machnamh Seanmhná: Peig Sayers. Baile Átha Cliath: An Gúm.
Uí Chollatáin, R. (2004) An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899-1932. Baile Átha Cliath: Cois Life.