IRIS06003 2023 Gaeilge agus Cumarsáid 2

General Details

Full Title
Gaeilge agus Cumarsáid 2
Transcript Title
Gaeilge agus Cumarsáid 2
Code
IRIS06003
Attendance
N/A %
Subject Area
IRIS - Irish
Department
SOCS - Social Sciences
Level
06 - NFQ Level 6
Credit
05 - 05 Credits
Duration
Semester
Fee
Start Term
2023 - Full Academic Year 2023-24
End Term
9999:96 - Projections term code
Author(s)
Breda McTaggart, Valerie McTaggart, Mairéad Conneely, Kate Mlynarska
Programme Membership
SG_HBUIR_H08 202300 Bachelor of Arts (Honours) in Business and Irish
Description

Déanfar tuilleadh forbartha ar scileanna agus ar inniúlacht teanga na mac léinn (éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh) trí leathnú a dhéanamh ar a stór focal agus ar a bhfeasacht teanga. Cuirfidh an modúl ar chumas an mhic léinn a líofacht sa teanga a fhorbairt tuilleadh agus leanfar leis an bpróiseas foghlama ar feadh an tsaoil atá ag teastáil le go mbeidh an mac léinn in ann an Ghaeilge a úsáid go héifeachtach i réimse leathan comhthéacsanna proifisiúnta. Cuirfear béim sna léachtanna agus sna ceardlanna ar an idirghníomhaíocht chumarsáide agus bainfear leas as ábhar dílis a bhaineann go dlúth le comhthéacsanna gairmiúla ina n- úsáidtear an Ghaeilge. Cuirfear le heolas na mac léinn ar ghramadach na Gaeilge, ar fhoghraíocht na Gaeilge, ar na canúintí, agus déanfar foclóir agus cumas idirghníomhach na mac léinn a shaibhriú trí chleachtaí cluastuisceana, cumarsáide, léamhthuisceana agus trí chleachtaí meicniúla gramadaí. Táthar ag súil leis go mbeidh inniúlacht an mhic léinn ag teacht go ginearálta le hinniúlacht B1+ de réir An Fráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001) agus an modúl curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn.  

Learning Outcomes

On completion of this module the learner will/should be able to;

1.

Na príomhphointí a thuiscint i ngnáthchaint shoiléir mar aon le príomhphointí díospóireachtaí nó léachtaí a thuiscint gan dua nuair is teanga shoiléir chaighdeánach a úsáidtear iontu.

2.

Páirt ghníomhach a ghlacadh i gcomhráite ar ábhair a bhfuil taithí acu orthu nó a bhaineann leis an ngnáthshaol agus leis an saol gairmiúil gan aon réamhullmhúchán.

3.

Tuilleadh feasachta a léiriú ar ghnéithe bunaidh de struchtúr na teanga agus ar ghramadach na Gaeilge chun cur síos a dhéanamh ar eispéiris agus ar eachtraí, ar a gcuid mianta, ar a n-ábhair dhóchais agus ar a n-uaillmhianta pearsanta agus proifisiúnta féin.

4.

Téacsanna (scríofa agus ilmheánacha – cláir raidió/theilifíse) ina bhfuil foclóireacht ardmhinicíochta nó focail atá bainteach le saol pearsanta agus le saol gairmiúil an mhic léinn den chuid is mó a thuiscint agus a sholáthar.

5.

Téacsanna soiléire a scríobh go réasúnta cruinn ar ábhair a bhfuil taithí acu orthu, spéis phearsanta nó spéis ghairmiúil acu iontu.

Teaching and Learning Strategies

Bainfear úsáid as réimse leathan de straitéisí gníomhacha foghlama & teagaisc leis na torthaí foghlama a bhaint amach. Ina measc, beidh meascán de léachtaí traidisiúnta agus ranganna gramadaí struchtúrtha, chomh maith le seisiúin idirghníomhaíocht-bhunaithe ar líne, léitheoireacht faoi threoir agus chórais leictreonacha aisghabhála faisnéise. Beidh seimineáir a dhíreoidh ar scileanna anailíse agus ar théacsanna a phlé, rólimirt, babhtaí tobsmaointe, díospóireachtaí agus cuir i láthair ó bhéal, cluastuiscintí agus cleachtaí ilmheáin agus foghlaim bunaithe ar fhiosrúchán. Trí obair chúrsa rialta a thabhairt chun críche, déanfaidh na mic léinn na scileanna teanga a fhoghlaimeoidh siad sa rang a chomhdhlúthú agus a chleachtadh. 

Module Assessment Strategies

Beidh an cur chuige measúnaithe don mhodúl seo bunaithe ar mheasúnú tionscadail obair chúrsa.

Repeat Assessments

Déan scrúdú scríofa arís agus/nó déan an eilimint measúnaithe leanúnaigh arís ag brath ar an gcuid ar theip uirthi.  

Tá gach gné den mhodúl seo éigeantach agus is gá 40% a bhaint amach i ngach gné den mhodúl seo sula mbeidh riachtanais an mhodúil comhlíonta ag an mac léinn. Ní féidir pas le cúiteamh a fháil sa mhodúl seo mura bhfuil na gnéithe éigeantacha seo comhlíonta ag an mac léinn. 

Indicative Syllabus

Topaic 1: Déantar feasacht na mac léinn a fhorbairt tuilleadh ar ghnéithe d’fhoghlaim na Gaeilge mar aon le leanúint leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.  

Topaic 2: Grinnléitheoireacht a dhéanamh ar théacsanna, téacsanna clóite, téacsanna éisteachta mar aon le téacsanna físe, ionas go mbeidh na mic léinn in ann réimse leathan stór focal a úsáid sa chaint agus sa scríobh go muiníneach. 

Topaic 3: Plé, scagadh agus anailís a dhéanamh ar théacsanna caighdeánacha atá bainteach le hábhar an tsiollabais chumarsáidigh chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar fheasacht teanga na mac léinn. 

Topaic 4: Pléifear agus cleachtfar struchtúir ghramadaí, réimsí cainte agus teanga atá oiriúnach do chomhthéacsanna éagsúla, idir chomhthéacsanna proifisiúnta agus chomhthéacsanna pearsanta, agus dírítear go sonrach ar riachtanais chumarsáide na mac léinn.   

Topaic 5: Déantar forbairt ar scileanna litearthachta, scileanna uimhearthachta agus cruinneas gramadaí na mac léinn i gcaitheamh an mhodúil.

Coursework & Assessment Breakdown

Coursework & Continuous Assessment
100 %

Coursework Assessment

Title Type Form Percent Week Learning Outcomes Assessed
1 Tascanna scrofa / Trialacha gramada Coursework Assessment Assessment 70 % Week 10 1,2,3,4,5
2 Scrd Cainte Coursework Assessment Oral Exam/Presentation 30 % Week 13 1,2,3
             

Full Time Mode Workload


Type Location Description Hours Frequency Avg Workload
Lecture Lecture Theatre Ranganna Teagaisc - Torthaí foghlama 1-5 3 Weekly 3.00
Independent Learning Not Specified Staidéar Neamhspleách & Staidéar faoi Threoir 4 Weekly 4.00
Total Full Time Average Weekly Learner Contact Time 3.00 Hours

Module Resources

Non ISBN Literary Resources

de Bhaldraithe, T. (1959) English-Irish Dictionary. BÁC: Oifig an tSoláthair.  

Mac Congáil, N. (2002) Leabhar Gramadaí Gaeilge. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.  

Mac Lochlainn, A. (2015) Cruinneas, Baile Átha Cliath: Cois Life.  

Ó Baoill, D.P. & Ó Tuathail, É. (1992) Úrchúrsa Gaeilge. BÁC: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.  

Ó Dónaill, E. (2013) Gramadach gan Stró. BÁC: Gaelchultúr Teoranta.  

Ó Dónaill, E., & Hegarty, H. (2012) QuickGuide Irish grammar: the indispensable guide to Irish language grammar for learners at all levels. BÁC: Gaelchultúr.  

Ó Dónaill, N. (1977) Foclóir Gaeilge-Béarla. BÁC: Oifig an tSoláthair.  

Ó Mianáin, P. (2020) The Concise English-Irish Dictionary. BÁC: An Gúm.   

Ó Murchaidh, C. (2004) Cruinnscríobh na Gaeilge. BÁC: Cois Life.  

Updated Literary Resources
Journal Resources
Other Resources
Additional Information